NUI Galway Societies Societies Misneach
Misneach
Committee Members
:No committee found
August 16th
Today . Wednesday

Misneach

Grúpa i measc an phobail, ar an talamh, atá i Misneach. Ní hionann muid agus mórán eagraíochtaí eile i saol na Gaeilge nó ní chuireann muid fiacail ann ó thaobh na polaitíochta de. Is den eite chlé muid agus creideann muid go daingean go gcaithfear an córas caipitleach agus an t-impiriúlachas a chur de dhroim an tsaoil ar mhaithe leis an Ghaeilge, agus leoga mionteangacha agus mionchultúir an domhain mhóir, a thabhairt slán. Anuas air sin creideann muid go dtig leis an Ghaeilge cur go mór leis an streachailt ar son chuid cearta an luchta oibre, sin le rá gur cuid thábhachtach de réabhlóid ar bith in Éirinn atá inár dteanga dhúchais. Diúltaíonn muid don bharúil gur faoin stát agus faoin aos pholaitiúil atá sé an Ghaeilge a thabhairt slán ón fhaopach nó mar a dúirt an Dochtúir Conchúir Ó Giollagáin, saineolaí mór ar chúrsaí sochtheangeolaíochta, ar 7 lá ar TG4 i mbliana, ‘Is ionann stát na hÉireann agus an namhaid is mó atá ag an nGaeilge’. I Is ar mhaithe le pobal na Gaeilge a neartú agus le troid ar son ár gceart atá Misneach, ach tuigeann muid fosta gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus ar an ábhar sin is sóisialaigh bhródúla muid atá ag iarraidh bheith ag obair as lámh a chéile le mórán dreamanna eile ar mhaithe le saol níos fearr do chách.

Sna 60idí a chéad bunaíodh Misneach. Bhí an grúpa an t-am sin go mór faoi thionchar chuid scríbhneoireachta Mháirtín Uí Chadhain agus leoga bhí sé féin ina phearsa mór i Misneach an ama sin.

Ach arís eile tá tábhacht as cuimse le rannpháirtíocht i ngluaiseacht na Gaeilge a bheith ar fáil ag an ghnáthdhuine cá bith áit a bhfuil sé. Ba mhian le Misneach cur leis an ghluaiseacht ina hiomláine sa mhéid is go bhfuil muid dírithe ar rannpháirtíocht an phobail inár gcuid oibre. San am i láthair is sna bailte móra is mó atá muid lonnaithe ach tá sé fíor-thábhachtach go scaipfeadh coincheap Misneach agus an grúpa féin amach chuig ceantracha tuaithe agus chuig ceantracha Gaeltachta ach go háirithe.

Tá sé i gceist ag Misneach a bheith ag obair ar thrí mhór-dhóigh, is iad sin, an fheachtasaíocht, an t-oideachas agus an tógáil pobail. Ag díriú ar lucht na Gaeilge a bhíonn muid ar mhaithe le muid a chur ag caint le chéile agus ag forbairt ár gcuid smaointí ar an bhealach chun tosaigh dúinn mar phobal. Ach chomh maith leis sin, agus nuair a bhíonn na hacmhainní ar fáil ag an leibhéal áitiúil, cuireann muid ranganna Gaeilge ar fáil do chomrádaithe atá báúil le cúis s'againn.

Maidir leis an fheachtasaíocht, ní call domh a rá go bhfuil droch-bhail ar Éirinn an lae inniu ar mhórán dóigheanna, idir an chogadh aicmeach atá ar siúl in éadan chosmhuintir na tíre, an slad atá á dhéanamh ar an infreastruchtúr sóisialta, an córas oideachais agus an córas sláinte, an chríochdheighilt atá go fóill i bhfeidhm sa tír, an dífhostaíocht agus an imirce agus ar ndóiche an easpa cearta atá ag pobal na Gaeilge ó cheann ceann na tíre, níl an dara rogha againn ach dul i ngleic leis na fadhbanna seo fríd fheachtais a ghríosfas an pobal ar fad, tá súil againn.

Is maith a thuigeann muid i Misneach fosta gurb í an chloch is mó a ba cheart a bheith ar ár bpaidrín an pobal féin a neartú nó mura bhfuil bun maith faoin phobal cainteoirí ní bheidh a dhath i ndán do theanga s'againn. Níl feidhm dúinn a inse daoibh ach tá an teanga faoi bhrú uafásach agus tchítear dúinn gur cheart fuinneamh agus díograis a chothú sa phobal i gceantracha fríd an tír uilig. Déanann muid sin fríd imeachtaí sóisialta do lucht na Gaeilge a eagrú ina mbíonn béim ar an cheol, an spórt agus gnéithe eile de chultúr na hóige agus den chultúr Gaelach. Caithfidh muid a bheith préamhaithe i bpobail fríd an tír uilig agus caithfidh muid an dlúthpháirtíocht agus an chomhbhá a chothú idir na Gaeil agus pobal ar bith eile atá faoi chois ag an chóras caipitlíoch. Chomh maith leis sin caithfear an tuigbheáil a chur chun cinn go bhfuil freagracht orainn uilig mar chainteoirí Gaeilge an fód a sheasamh ar son na teanga ar bhun laethúil rud a chiallaíonn gur cheart do gach uile dhuine againn a bheith gníomhach chun an teanga a neartú.


An G-Spota - seo ócáid siamsaíochta Gaelach ina mbíonn meascán mearaí ceoltaí agus siamsaíochta ann. Ardán atá sa G-Spota fá choinne ceoltóirí agus ealaíontóirí a bhaineann leas as an Ghaeilge ina gcuid saothair. Anuas air sin tugann an G-Spota na Gaeil le chéile ar bhun áitiúil sa dóigh is go dtig linn ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcultúr idir shean agus nua agus leoga baintear craic ar dóigh as an tsaol ann. Tugann muid le chéile an uile chineál ceoil ag an G-Spota. Is minic go mbíonn rac-cheol, ceol leictreonach, ceol réabh, ceol trad, racht-fhilíocht, scéalaíocht agus ceol domhanda.


Is fút féin, fúmsa agus faoi achan uile dhuine againn atá sé an réabhlóid shóisialta, an réabhlóid intinne agus réabhlóid anama a chur i gcrích. Níl ceannairí ná polaiteoirí ar bith ann a dhéanfas an obair ar ár son. Is ar ár gcrann-na a thiteann sé an bheart seo a dhéanamh cá bith áit a bhfuil muid lonnaithe. Mar sin, gabhaigí amach agus tosaígí ag díospóireacht le bhur gcuid cairde agus bígí ag pleanáil agus ag cumadh tograí agus seifteanna sa cheantar máguaird.

Ba mhian le Misneach dlúthpháirtíocht ó chroí a léiriú le haon streachailt shóisialta ar an fhód atá ag iarraidh gach gné den impiriúlachas a ghlanadh de dhroim an domhain chláir go brách.

Ba mhaith linn malairt saoil a bhaint amach do gach duine ar domhan, ach ceapann muid go bhfuil sé chomh maith againn tosú ar lucht labhartha ár dteanga dhúchais fhéin ar dtús.
BEIR BUA
Bí i dteagmháil leis an ghrúpa náisiúnta fosta ag: misneachnaisiunta@gmail.com

Meetings

Dé hAoine @ 3i.n.